1
1
1
1
1
1

 


Cuid dena ceoltóirí agus na daoine a bhi i láthair ag an darna Cabaret Craiceáilte, cabaret míosúil Tigh Hiúdaí, ar an Bhun Bheag, i nGaoth Dobhair, De Sathairn seo a chuaigh thart.

 

An ceoltóir iomraiteach as Baile Fhearmaide, i mBaile Átha Cliath, FIACH ( Fiach Ó Muircheartaigh) ag canadh a chuid amhráin nua chumtha féin ag an Chabaret Craiceailte De Sathairn. Craoladh cuid den cheolchoirm ar an chlár Géill Slí, le Rónán Mac Aodha Bhuí, ar ANOCHT FM De Luain seo a thart, agus craolfar tuilleadh amach anseo.Beidh míreanna ón Electric Picnic le Kíla, Des Bishop, Tinariwen agus go leor eile a chraoladh ar an chlár oíche Luain 8-11 gan mhoill.

 

An tAmhránaí Feargal Ó Béarra, a chan a chuid amhráin polaitiúla féin ar an ardán ag an Chabaret Craiceailte, ag baint sult as cúpla pionta i gcuideachta Máire Óg Nic Níallais as Ard na gCeapairí i nGaoth Dobhair.

 

An ceoltóir Griogair Labhruidh as Albain, a chan scoith na namhrán Gaidhlige  Tigh Hiúdaí, i gcuideachta Coilin Ó Floinn as Inis Fada, Nua Eabhrac, Joe Beag Joe Mhici Jimmy as Rann na Feirste agus John Joe Mc Clafferty.

 

Aodh Mac Ruairí, as Rann an Feirste ag canadh a chuid leaganacha nua aimseartha dena sean amhráin  ag an Chabaret Craiceailte.

Edel Ni Chnaimhsí, Cailin Gaelach 2008, ag déanamh an ‘maggie pickie’ ag an Chabaret Craiceáilte.

 

Bean a tigh í féin, Kitty Hiúdaí Beag a chaith flaithiúl lena ceoltóirí uilig, agus na hóltóirí uilig a bhi i láthair ag an Chabaret Craiceailte.