1
1
1
1
1
1

Tura ag rince agus ag ceol ag an Chabaret Craiceailte i nGaoth Dobhair
Sean Nos Standoff: Patsy Dan & Stofan O Deorain in adharca a cheile, ag damhsa ar an sean nos Tigh Hiudai, De Sathairn.
Patsy Dan Mac Ruairi, Pol Mac Ruairi, Hugo O Baoill, agus Micheal Sheain Mac Ruairi, as Oilean Thoraigh, i mbun ceoil ag an Chabaret Craiceailte De Sathairn seo caite
Meaiti Joe Sheamuis aguus Johny Phadraig Pheter
Mick Og Mac Aoidh, Rionach Ni Scolai, Tura Arutura, agus Danny Brown
Johnny, Tura agus Meaiti ag Cabaret Craiceailte mhi Aibreain Tigh Hiudai, An Bun Beag, Gaoth Dobhair
Anna Ni Chnaimhsi as an Ghlaisigh agus Citi Sean as Teileann ag an Chabaret Craiceailte Tigh Hiudai , An Bun Beag, De Sathairn seo caite
Caoimhe Ni Chathail agus Roise Nic Corraigh ag ceol ag an Chabaret Craiceailte De Sathairn 25 AIbrean 2009
Eamonn Neidi Frank ag mealladh agus ag pógadh na mban ag an Chabaret Craiceáilte i nGaoth Dobhair De Sathairn
Prionsa Thoraigh, Pól Mac Ruairí, agus a bhean céile Máire, a bhi ag ceiliúradh 25 bliain á bpósta ag an Chabaret Craiceailte í nGaoth Dobhair De Sathairn

Meaití Jó Shéamuis agus Pól Mac Ruairí ag canadh Amhrán Mhuighinse ag an Chabaret
Eilis Ni Chnaimhsi, Anna Bean Ui Chnaimhsi, Citi Sean, agus Niall An tSiopa ag an Chabaret Craiceailte

 

Caoimhin, Eilis, Eamonn Neidi Frank, Seosaimhin, Bernie, Tura agus Margaret ag an Chabaret Tigh Hiudai
Cití Hiúdaí Beag agus Tura Arutura as an tSiombaib ag an Chabaret De Sathairn
Meaiti Jo Sheamuis as Conamara agus Charlie Joe Thimlin as Machairre Loisce ag baint sult as seisiún an Domhnaigh, tar eis Cabaret Craiceailte mhí AIbreáin De Sathairn
Cillian, Caoimhe agus Stiofan
Rí Thoraigh, Patsy Dan Mac Ruairi, a bhean céile Cáitlín, agus Róise Nic Corraidh as Beal Feirste ag Cabaret mhí Aibreáin

 

 CEOL AGUS DAMHSA AS CONAMARA AGUS ZIMBABWE AG CABARET CRAICEAILTE NA MIOSA SEO:

Beidh meascán den damhsa ar an sean nós, na highlands gharbha, hip hop agus damhsa duchasach na hAifrice, chomh maith le scoth na gceoltóirí as Conamara ag Cabaret Craiceáilte na míosa seo a bhéas ar siúl De Sathairn seo, 25 Aibreán, Tigh Hiúdaí, An Bun Beag, Gaoth Dobhair.

 

Beidh Rí an Mhileoidin Scaoilte, Johnny Connolly, as Inis Bearacháín, Conamara ó dhúchas, agus an sár amhránaí agus píobaire, Meaití Jó Shéamuis Ó Fatharta as Indreabhán i measc na gceoltóirí a bhéas ar an ardán ag an Chabaret  chomh maith leis an damhsóir/ceoltóir as Teileann, Cití Seán, agus an múintéoir damhsa Hip Hop/Damhsa Aifriceach, Tura Arutura as an tSiombáib.

 

Bhi Johnny agus Meaití i láthair ag an Fhéile Chraiceáilte i nGaoth Dobhair sa bhliain 1997, agus is é seo an chéad ceolchoirm acu sa cheantar seo le 12 bliain. Rugadh Johnny Phadraig Pheter Connolly ar Inis Bearacháin, ach tá sé ina chonai in Indreabhan anois.

 

Ta cliú agus cáil ar an stíl ceoil atá aige  agus dúirt an ‘The Living Tradition’ mar gheall air : Johnny Connolly is an acknowledged master: possibly the greatest Irish melodeon player ever, certainly the best of his generation.  Tá trí albam eisithe aige, An tOileán Aerach (1993); Drioball na Fainleoige ( 1998) agus ‘An Mileoidean Scaoilte’ a chur se féín agus Charlie Lennon amach  le déanaí.

 

Beidh á leathbhádóir Meaití Jó Shéamuis Ó Fátharta ag Cabaret na míosa seo fosta, fear a bhfuil cliú na mhranaíochta agus an cheoil air le blianta fada. Bhuaigh sé Corn Uí Ríada, ag Oireachtas na Gaeilge sa bhliain 2001, agus seineann sé an fheadóg mhór agus na píobaí uilleann fosta.Bhi portaireacht béil,  agus amhráin Chonamara, ‘An Bhó Bhán’ , ‘An Sagart Ó Domhnaill’ agus an tamhrán is mó atá aitheanta le Meaití ‘Bóithríní an Locháin’ i measc na namhrán a bhi le cloisteáil ar albam Mheaití ‘Bóithíní an Locháin: Sean nós songs from Conamara’ a chur Cló Iar Chonnachta amach sa bhliain 2001, agus beidh a lucht leanúna ag súil go gcanfaidh se na hamhráin seo agus tuilleadh Tigh Hiúdaí Dé Sathairn seo.

 

Beidh an tamhránaí agus damhsóir iomraiteach, Cití Seán as Teileann ag canadh agus ag damhsa ‘highlands’ agus ag tógáil croithe an scaifte chraiceáilte fosta, agus beidh Tura Arutura as an tSiombáib ( Zimbabwe), bunaitheoir  an Artfrique Dance Academy i mBeal Feirste ag cur taispeantas damhsa traidisiúnta na hAIfrice agus Hip Hop i láthair.

Beidh Tura ag canadh amhráin nua chumtha s’aige féin i nGaeilge agus ina theanga dúchais féin ar an oíche fosta. Beidh aoí cheoltóirí agus aoí dhamhsóirí eile i láthair ar an oíche fosta a bhéas ag tosnú ar a 9 a chlog.Beidh táille iontach réasúnta €5 ar an doras.