1
1
1
1
1
1

 

 

 

Cogadh le hUimhreacha

Cé go mbreathnaíonn sé go bhfuil George W. Bush ar bís chun dul i ngleic leis an Iaráic, tá sé níos deacra dearcadh pobal Mheiriceá a mheas.

Léirigh pobalbhreith le déanaí nár tháinig aon athrú ó mhí Mheán Fómhair ar an méid tacaíochta atá ann do chogadh leis an Iaráic, agus gar de 60 faoin gcéad de rannpháirtithe i bhfábhar an chogaidh.  Ach nuair a chuirtear ceisteanna ar dhaoine faoi réalachas an chogaidh - taismigh Mheiriceånacha, nó gnáth-thaismigh na hIaráice - téann an tacaíocht seo i léig.  Téann sí i léig níos mó fós nuair a chuirtear an cheist ar cheart do Mheiriceá an fód a sheasamh ina haonar.
sdf
Níl aon iontas i dtír ina bhfuil daonra de níos mó ná 270 milliún go mbeadh tuairimí an phobail casta go maith.

Mar shampla, d'eagraigh an eagraíocht  Gallup, ceann de na grúpaí is mó bainteach le pobalbhreith sna Stáit Aontaithe, pobalbhreith an mhí seo caite a léirigh cé go gcreideann an chuid is mó de phobal Mheiriceá go bhfuil  airm léirscriosta i seilbh na hIaráice (deir 66 % go bhfuil) agus go mbainfí úsáid astu in aghaidh Mheiriceá (aontaíonn 79%), níl siad réidh tacú le hionradh faoi stiúir Mheiriceå ar an Iaráic ar an bpointe boise a léirítear go bhfuil teipthe ar an Iaráic cloí le Rún 1441 de chuid na Náisiún Aontaithe.  De réir thuairisc Gallup, dúirt 64% de na rannpháirtithe go mba cheart do na Ståit Aontaithe dul ar ais chuig na Náisiúin Aontaithe chun údarás ar leith a aimsiú maidir le freagairt mhíleata.  (féach an phobalbhreith iomlán ag:
http://www.gallup.com/poll/releases/pr021126.asp)

dfgI dtuairisc Gallup, dar le 63% de Mheiriceánaigh nach mbeadh sé ceart nó cóir cogadh a thosnú dá mba rud é go bhfaightear airm ach go bhfuil an Iaráic sásta iad a scrios. Mura bhfaightear aon airm léirscriosta nó bealaí chun airm mar seo a dhéanamh, deir Gallup go dtiteann an tacaíocht don chogadh go 26%.Léirigh pobalbhreith le CBS News/New York Times i mí Dheireadh Fómhair nach mbeadh ach 54% sásta tacú le Saddam

Hussein a bhriseadh as oifig dá mbeadh go leor taismeach míleata Meiriceánach mar thoradh air, agus creideann 53% gur bhfiú Meiriceánaigh a chaille le gníomhaíocht a chuirfeadh gnáthphobalch pobalbhreith iomlán ahttp://www.cbsnews.com/stories/2002/10/06/opinion/polls/main524496.shtml)

Cuireadh tús leis an bhfeachtas chun tacaíocht an phobail a aimsiú roinnt míonna ó shoin agus tús á chur le toghcháin na Samhna.  Chuaigh Bush ar fud na tíre, dainséar na hIaráice á cheangailt aige lena 'chogadh in aghaidh  na sceimhlitheoireachta'.  Luaigh an Wall Street Journal, ceann de na nuachtáin coiméadacha is mó sa tír 'fuascailt na hIaráice' cheana féin.  Scríobh an colúnaí Frank J. Gaffney Jr. sa nuachtán coiméadach eile, The Washington Times, faoi rialtas atá ar bís téarma eile oifige a bhaint amach dóibh féin:  go m'fhéidir go mbeadh iomaitheoir níos láidre i gcoimhlint le George W. Bush i 2004 á cháineadh mar gur fágadh Saddam i gcumhacht, díreach mar a tharla dá athair i 1992. ( http://www.washtimes.com/commentary/gaffney.htm )

Ach tá scéalta eile á n-inse freisin.  Seo aois an Idirlín agus tá nuacht le fáil ó fhoinsí nach raibh ar fáil le linn Cogadh na Murascaille.  Dar le  AlterNet.org  gur tháinig méadú de 500% ar a gcuid léitheoirí sna laethanta tar éis 11 Meán Fómhair 2001 agus deir foilseacháin eile mar an Guardian sa Bhreatain, Dawn (nuachtán Béarla na Pacastáine) agus BBC Londain go bhfuil an t-úafás méid Meiriceánach á léamh ón lá sin.   (http://www.alternet.org/story.html?StoryID=12050).  Foilsíonn an Eagraíocht   United for Peace  imeachtaí frith-chogaidh ar a suíomh idirlín  (http://www.unitedforpeace.org/new/), agus tuairscíodh san irisleabhar The Nation go raibh na céadta mílte daoine rannpháirteach sna himeachtaí. 

http://www.thenation.com/actnow/index.mhtml?bid=4

Caithfear cuimhniú áfach go mbíonn pobalbhreith ag athrú de shíor agus go bhféadfaí toradh difriúil ar fad a bheith mar thoradh ar ionsaithe sceimhlitheoireachta leanúnacha. Ach, faoi láthair breathnaíonn sé nach bhfuil cíocras cogaidh chomh mór sin ar phobal Mheiriceá is atá ar a n-uachtarán.

Is saor-iriseoir í Carolyn Farrar agus bhí a cuid oire foilsithe san New York Times, The Hartford Courant, irisleabhar Magill agus foilseacháin eile nach iad. 

 

    s  
g

 

3
6

 

 

d d a

 

d

 

yu

 

 

w
f