Cás na Gaeltachta
i mbéal an phobail
Anailís i bhFoinse na
hAthbhliana ar figiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge a chuir tús le coicíos plé,
díospóireachta is argóna ar na meáin faoi cheist na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ní hé sin
amháin ach eagraíodh sraith cruinnithe poiblí i nGaeltacht Chonamara le plé a
dhéanamh ar ar cheart stop a chur le daoine gan Ghaeilge ag bogadh isteach sa
bhFíorghaeltacht. Tá míle fáilte rompu sa Bhréag-ghaeltacht, áit nach féidir leo
dochar ar bith a dhéanamh.
Sa phlé seo ar fad ní raibh gíog ná míog as
Ghluaiseacht oifigiúl na Gaeilge. Tugadh cruinniú de Choiste Ghnó an Chonradh le
chéile, ceart go leor, ag a pléadh an anailís i bhFoinse ach ní fhéadfaí
tíocht ar shocrú faoi ráiteas a eisiúnt. Tada ón gComhdháil ach an oiread. Is mó
imní atá ar an gComhdháil i Sráid Cill Dara faoi stádas na Gaeilge san Eorap ná faoi
chreimeadh na teanga bheo sa Ghaeltacht! |