|
|||||
|
Bhal a chairde Gael, ar fud na cruinne, a labhrann Gaeilge, a scríobhann í, agus a ítheann í, agus a leitheidí eile.
Tá mé landeáilte.
Beidh mise anseo le cuidiú le achan nduine fá
rud ar bith, beag nó mór, caol nó fada, leathan nó géar.
TARRAING D'ANALL , BÍ Í DO SHUÍ , LABHAIR
GO BEAG AGUS FÁG Í INA LUÍ, AN tSEAN BHITEACH!.
Ar dtús caithfidh muid toiseacht lé fadhb na dífhostaíochta í mo cheantar féin anseo
in Lag an Chlábair.Tá mise mé féin dífhostaithe le 25 bliain, siocair, nach raibh
fonn orm obair a chuartú. Agus de bharr seo, tháinig mé thart ar dóigh leis an lá
fada chur isteach, gan trácht ar an oíche.
Tósnaíonn mo lá sa, nuair a éirim as an
leabaidh, thart fán a' dó a chlog. Faighim feedáilte thart fán am seo. Bíonn
béile chomh mór sin reidh ag an tsean lassie fá mo choinne, go bhfágann sé lag, leath
chloíte mé. Pillim ar an leabaidh ar feadh uair a chloig , le siesta beag a ghlacadh.
Ansin thart ar a ceathair a chlog, éirím amach as an leabaidh aríst, agus téim síos
fá choinne an tae beag. Faoin am go bhfuil an tae beag thart, tig Richard agus Carole ar
an bhosca le Countdown. Tá an clár seo íontach tábhachtach cionnas go bhfuil sé maith
don inchinn.
Sin mo sháith d'aclaíocht intinne, agus caithfidh mé anois smaointiú ar an chuid eile
de mo chorp. Seo liom anois, síos go dtí an tráighe, fá choinne siúlóid mór fada,
ceathrú míle ar a laghad. Tá mallaí milltinneach ar an bhealach 'na bhaile, ach
faighim síob achan lá le Willy an Ladhair Mhóir, cionnas go mbíonn sé thíos ag
cruinniú smutáin achan lá lena charr agus a Donkey. Báisteadh Willy an Ladhair Mhóir
air na blíanta fada ó shoin, agus de réir an tseanchais, chan an ladhar ata mór ar
chorr ar bé ach a ghaosán.
Bíonn Football air achan tráthnóna Dé Máirt agus Déardaoin, agus cuireann sé sin
isteach an oíche go deas ar na hoícheanta sin, ach an chuid eile den tseachtain,
indhiaidh an Tae Mór ag a sé, líonaim an folcadán le radox agus braon beag uisce te.
Luíom síar ansin, ag smaointiú ar an saol breá atá agam, agus ag súil nach
dtiocfaidh deireadh leis a'choíche. Nuair a bhím nite agus glánta, agus cúr mealltach
an radox breá tiubh san aer, bheirim aghaidh ar an teach leanna. Bíonn sé íontach
socúlach, agus níl feidhm morán smaointiú á dhéanamh, siocair go mbíonn an chomhrá
céanna ann, leis na daoine céanna, achan oíche, le fiche bliain anuas. Agus glac leis
uaimse, go mbíonn se iontach suimiúl achan oíche.
Tuilleadh Fallsúnachta ar an bhealach....