1
1
1
1
1
1

 

w

 

 

r

Chan am éadochais atá i nGaoth Dobhair . . .

Drochscéal i ndiaidh drochscéil. Sin mar a bhí againn anseo i nGaoth Dobhair le tamall anuas - monarchain ag druidim, caint ar theaghlaigh a bheith ag imeacht ón phobal. An é go bhfuil droch-bhlianta thús an chéid seo a chuaigh thart ag pilleadh ar ais? Nár lige Dia é.
    Cuimhnímis go raibh scamall éadochais os cionn Ghaoth Dobhair seasca bliain ó shin. Bhí an áit á bánú agus an bochtanas forleathan sa chuid seo den Ghaeltacht. Ach tharla athrú iontach.


An Chéad Réabhlóid
Iarracht a bhí ann ar dtús chun meanman na ndaoine a ardú tré caitheamh aimsire a chur ar fáil, rud a ba chúis le bunú Aisteoirí Ghaoth Dobhair. Ach bheadh toradh níos tábhachtaí ná sin ar a gcuid iarrachtaí. D'éirigh go maith leis na hAisteoirí, agus chuir siad ainm Ghaoth Dobhair in airde ar fud na hÉireann agus na hAlban. Lean siad leis na drámaí agus na geamaireachtaí, ach thuig cuid acu fosta go raibh gá le cearta an phobail a bhaint amach, ag toiseacht leis an oideachas. De bharr a gcuid oibre, tá áiseanna oideachais anois againn ón bhun go dtí an tríú leibhéal. Tugadh ansin faoi ionad fostaíochta a bhunú ar an Screabán - mar gan fostaíocht a bheith san áit, leanfadh an imirce ar aghaidh, agus i ndiaidh fheachtais láidir baineadh an cuspóir sin amach i ndeireadh na seascaidí. bhí obair crua, íobairtí agus b'fhéidir deora i gceist ach cé a déarfadh anois nárbh fhiú é?

Thoisigh daoine ag teacht ar ais ó Albain. Tháinig athrú chun feabhais ar an an áit agus ar chaighdeán an tsaoil. Bhí Gaoth Dobhair beo agus lán dóchais. B'iad féin fá deara an t-athrú.

 

r

An Dúshlán i 2003
Sibhse atá óg agus lán de neart agus dóchas, agus d'oideachas nach raibh ag mórán den phobal seo - nó d'aon phobal in Éirinn - seasca bliain ó shin, thiocfadh libh an rud céanna a dhéanamh anois, is a rinne scaifte beag seasca bliain ó shin, ach an oiread céanna grá agus dílseacht a bheith agaibh do Ghaoth Dobhair is a bhí acusan.

    Ní am éadochais é. Tá buntaistí againn anseo anois thar mar a bhí ag na daoine a thug faoin réabhlóid céanna. Ta bunstruchtúr anois ann gur féidir tógáil air, bunstruchtúr nach bhfuil ag mórán áiteacha sa Ghaeltacht thuaidh, thiar nó theas. B'éigin daofa sin a chur ar fáil tríd a n-iarrachtaí agus a        n-éilimh féin ó Stát nach raibh suim rómhór acu i gceantracha 'iargúlta'.
    Cuirigí feachtas ar bun mar a rinne bhur sinsir agus bíodh na spriocanna seo a leanas agaibh mar thús :

1.  Fostaíocht ag baile d'achan nduine den phobal gur mian leis nó léí oibriú agus cónaí anseo, nó gur mian leis nó léí pilleadh 'na bhaile chun socrú síos sa phobal.
2.  Talamh Ghaeltachta Ghaoth Dobhair a choinneáil do mhuintir na h-áite sa doigh is go mbeidh áit tí (nó áit oibre) ag achan teaghlach anseo, agus cead pleanála le teach nó áit oibre a thógáil.
3. Forbairt agus Pleanáil an cheantair a bheith faoi smacht an phobail seo chomh fada agus is féidir. (Faoi Acht 2000 is féidir plean forbartha a dhéanamh i gcomhar leis an Chomhairle Contae).


Níl anseo ach cúpla ceann dena cuspóirí. Is é an rud ata tábhachtach ná go mbeadh smacht againn ar ár saol féin, ár dtalamh agus ár n-achmhainní féin; chomh maith le cead a bheith againn ár gceantar a phleanáil agus a mhúnlú de réir ár mianta agus ár ndúchas féin.

   

Fionntán Mac Aodha Bhuí
© www.craiceailte.com 2003

 

Teanga, Talamh agus Fostaíocht

Foilsíodh Tuarascáil Anson sa bhliain 1982. Staidéar chuimsitheach a bhí ann ar Ghaeltacht an Iar Thuaiscirt, agus rinne an pleanálaí moltaí faoin modh oibre aba chóir a bheith ag an Phobal, Udarás na Gaeltachta agus Comhairle Chondae Dhún na nGall. Rinne na húdaráis neamhiontas dá chuid moltaí. In agallamh le Imleacán, deir  Brian Anson, nach bhfuil sé ró mhall go fóill aird a thabhairt ar an méid a mhol sé. Is féidir leagan giorraithe dena moltaí i mBéarla a léamh, ach an cnaipe 'Anson' a bhrú.

Níor bhfuair an comhairleoir pleanála Brian Anson, as Londain Shasana, tuarastal ar bith nuair a tháinig sé go Gaoth Dobhair den chéad uair i 1970 ar chuireadh ó Ghaeltarra Éireann. Ach fuair sé saoire saor in aisce dó féin, a bhean céile, agus a theaghlach.
    Bhí cáil ar a chuid oibre i gceantracha bochta de chathair Londan, agus tháinig sé go Gaoth Dobhair chun moltaí a dhéanamh maidir leis an fhorbairt mór tionsclaíoch a bhí beartaithe sa cheantar. Bhí dhá mhonarchán lonnaithe sa cheantar ag an am, Amblers agus Cairpéidí GT.
    Iarradh air amharc ar an doigh a dtiocfadh leis an áit forbairt, gan dochar a dhéanamh do theanga agus chultúr dúchasach an cheantair. Thit sé i ngrá leis an áit, chuaigh sé i gcomhar leis na daoine, agus chuir sé plean le chéile.
    Ansin, bhronn sé cóip dá phlean ar Ghaeltarra Éireann agus ar an phobal a chuidigh leis. Níor tharla mórán da bharr, agus bhí sé aon bhliain déag eile sula dtáinig sé ar ais.
    D'fhill Anson i 1981,  agus faoin am sin bhí 12 monarchan ar an Eastáit. Bhí an chéatadán is airde eisimirce in Éirinn i nGaoth Dobhair ag an am, cionnas go raibh oiread daoine ag pilleadh na bhaile as Albain.
    Chaith sé suas le ocht mí sa Ghaeltacht, ag feidhmiú amach as áit ar a dtug sé Oifig Pleanála an Phobail. "Ní plean ficisiciúil a bhí i gceist. Cur chuige a bhí i gceist, bunaithe ar an bhunsmaoineamh, go bhfuil cuid mhór eolais i measc na ndaoine. Caithfidh tú greim a fháil ar an saineolas sin".

    Bhí Eastát Tionsclaíochta Ghaoth Dobhair ar an ní fisiciúil is mó a cuireadh i gceantar Gaeltachta ar bith san am. Shíl Anson gur chóir an t-eastát a fhorbairt i dtreo an golden mile i Machaire Chlóchair.
    "Thug mé foláireamh don Údarás i 1969 go raibh botún ollmhór a dhéanamh acu. Bhí gá le monarchain, ach caithfidh tú iad a lonnú in aice na n-áiteacha cónaigh. Dúirt mé leo na hionaid fostaíochta a lonnú i measc na ndaoine sa doigh is go mbeadh baile beag, ag fás thart orthu, le caifélainn , bialainn agus a leitheid. Bhí daonra an-mhór sa cheantar, agus bhí lárionad ag teastáil ón bhaile".

An Screabán

Ní raibh sé ag iarraidh go dtiocfadh fás ró-mhór ar An Screabán, eastát tionsclaíochta Ghaoth Dobhair, ach an oiread. Mhol  sé go bhfaigheadh Gaeltachtaí eile taobh amuigh de Ghaoth Dobhair a gcuid eastáit bheaga féin.
    Chaith sé suas le 8 mí sa cheantar, ag oibriú leis na daoine. "Bhí sé ar an tógra is mó i mo shaol. D'eagraigh muid suas le 60/70 cruinniú mór, agus dhírigh mé ar chúig n-ábhar go príomhdha: An Talamh; Na Daoine agus a gCultúr; Slí Maireachtála; Seirbhísí; agus an chuma a bhí ar an áit".
    Fuair Tuarascáil Anson poiblíocht mhór sna nuachtáin áitiúla, agus sna meáin Ghaeilge, nuair a foilsíodh é i 1982. Dúirt scríbhneoir amháin go raibh an plean ina "blueprint for the whole of the west of Ireland". Ach tháinig an tuarascáil amach ag an am contráilte. Bhí fiosrúcháin ar bun maidir le scanaill airgeadais taobh istigh den Údarás, agus bhí daoine a mbriseadh as a bpostanna. Rinneadh neamhiontas dena thuairisc.
    Thug Brian Anson cuairt ar Ghaoth Dobhair anuraidh. "Mhothaigh mé iontach brónach. Bhí an áit seo mar a bheadh an darna baile agam, ach ní raibh fonn orm pilleadh. Mhothaigh mé brónach agus feargach. Bhí an chuma air nach raibh dul chun cinn mór ar bith déanta".
    "Má sheasann na daoine le chéile, éireoidh leo. Ach troideann siad le chéile, agus titeann siad amach le chéile.
    D'eagraigh muidinne comhairle pobail, i nGaoth Dobhair, saor ó pholaiteoirí, sa doigh is nach mbeadh siad ábalta cuir isteach ar an dul chun cinn. Ach thit sé as a chéile, agus níor tharla a dhath".
    Tá an tUasal Anson ina chónaí sa Fhrainc anois, agus is beag seans a bhíonn aige cuairt a thabhairt ar an cheantar. Ach níl sé éadochasach go huile is go hiomlán faoin áit. "Ba chóir athbhreithniú a dhéanamh ar ár dtuarascáil anois. Níor scríobhadh é i dteanga na státseirbhíse. Scríobhadh é dona daoine. Deirim seo go neamhbhalbh. Seo caipéis gur féidir a phiocadh suas anois, fiche bliain i ndiaidh dó a bheith scríofa, agus úsáid a bhaint as. Iarraim ar Údarás na Gaeltachta an plean a eisiúint, agus a sheoladh amach chuig na daoine. Ba chóir leagan giorraithe den phlean a chur amach i nGaeilge láithreach".
    Maidir le cúrsaí fostaíochta sa cheantar, deir sé go raibh foláireamh tugtha aige don Udarás 34 bliain ó shin, fán chineál fostaíochta a bhí siad ag cruthú. "Ná cuir do chuid uibheacha uilig sa bhascáid amháin a choíche" adúirt sé leo. "Déan iarracht tionscail dúchasacha, agus tionscail faoi stiúir daoine áitiúla a bhunú. Iarradh ormsa, Sasanach, teacht chuig an cheantar agus staidéar a dhéaamh ar chultúr na háite. Chuir mé a dó agus a dó le cheile. An rud ab fhearr fá mhuintir na Gaeltachta, ná, go raibh siad ildánach, iltalannach. Bhí scileanna feirmeoireachta, iascaireachta, agus ceardaíochta, agus moll scileanna dúchasacha eile acu. Ba chóir díriú ar na scileanna sin a usáid. Ach thóg an tÚdarás monarchain chun leitheidí málaí plaisteacha a dhéanamh, agus níl rud ar bith níos cinnte ná go maróidh tú saibhreas teangan na ndaoine  le tógraí a thugann orthu an fhoclaíocht dúchasach a fhágáil ar lár. Bhí an globalisation ag tógáil ar shiúil an tsaibhreas agus an chultúr i saol na ndaoine ag an am, agus tá go fóill".
    Meastar gur shíl daoine san Údarás go raibh plean Anson ag dul ró-fhada, ró-ghasta nuair a tháinig sé amach i dtús na nOchtóidi.
    Anois, agus barúlacha úra a dhith go gasta chun An Ghaeltacht, agus fostaíocht sa Ghaeltacht a shábháil, an éisteofar leis an Sasanach fadradharcach seo nó an leanfaidh na hÚdaráis de bheith ag líonadh potholes?

© www.craiceailte.com 2003

[Brúigh anseo do mholtaí Brian Anson]

 

 

Cás na Gaeltachta
i mbéal an phobail


Anailís i bhFoinse na hAthbhliana ar figiúirí Scéim Labhairt na Gaeilge a chuir tús le coicíos plé, díospóireachta is argóna ar na meáin faoi cheist na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ní hé sin amháin ach eagraíodh sraith cruinnithe poiblí i nGaeltacht Chonamara le plé a dhéanamh ar ar cheart stop a chur le daoine gan Ghaeilge ag bogadh isteach sa bhFíorghaeltacht. Tá míle fáilte rompu sa Bhréag-ghaeltacht, áit nach féidir leo dochar ar bith a dhéanamh.

      Sa phlé seo ar fad ní raibh gíog ná míog as Ghluaiseacht oifigiúl na Gaeilge. Tugadh cruinniú de Choiste Ghnó an Chonradh le chéile, ceart go leor, ag a pléadh an anailís i bhFoinse ach ní fhéadfaí tíocht ar shocrú faoi ráiteas a eisiúnt. Tada ón gComhdháil ach an oiread. Is mó imní atá ar an gComhdháil i Sráid Cill Dara faoi stádas na Gaeilge san Eorap ná faoi chreimeadh na teanga bheo sa Ghaeltacht!

 

Rabhadh Lucht Cáinte an Chogaidh faoin gCogadh Fuar

Tuairiscíonn Carolyn Farrar as Nua Eabhrac

Tá eagraíocht frithchogaidh sna Stáit Aontaithe tar éis ceann de na fógraí polaitiúla is conspóidí sa tír sin a athfhoilsiú chun seasamh in aghaidh phleananna Riarachán Bush do chogadh in aghaidh na hIaráice.
      Tá an fógra nua neamhbhalbh seo, a nascann féidearthachtaí cogaidh le cogadh domhanda núicléach, á chraoladh ar stáisiúin teilifíse i 13 cathair i Meiriceá.
      "Is teachtaireacht shimplí atá againn: Lig do na cigirí a jab a dhéanamh le bhur dtoil," a deir Eli Pariser ón MoveOn.org, urraitheoirí an fhógra. "Fhad is atá an fhoireann ó na Náisiúin Aontaithe fós ag obair go crua níl aon ghá arm a chur isteach agus tús a chur le rud éigin a d'fhéadfadh deireadh a chur le rialtais chairdiúla nó tús a chur le cogadh ceimiceach agus bitheolaíochta, nó fiú cogadh núicléach."
      Craoladh "Fógra na Nóiníní" faoi mar a tugadh air, le linn fheachtas uachtránachta 1964 idir an tUachtarán Daonlathach Lyndon B. Johnson agus a iomaitheoir Poblachtach Barry Goldwater. Bhí cailín óg le feiceáil sa phictiúr dubh agus bán agus í ag piocadh piotal ar phiotal ó nóinín agus í á gcuntas ceann ar cheann. Bhí a híomhá reoite nuair a shroich sí uimhir a deich agus glór fir le cloisteáil ag tosnú comhairimh mhíleata, ag críochnú le néal muisiriúin núicléiche.

f

Ní raibh Goldwater luaite ach chuir an fógra seo imní ar an bpobal go bhféadfadh Armageddon núicléach a bheith mar thoradh ar a sheasamh míleata.
      Bhí dearcadh chomh diúltach ag an bpobal ar an bhfógra gur stopadh é tar éis aon léiriú amháin. Fós féin, bhí an bua ag Johnson agus ba chuid de stair chultúrtha Mheiriceá fógra na nóiníní ó shin i leith. (Tá an bunfhógra Nóiníní le feiceáil ag:
http://www.ammi.org/cgi-bin/video/years.cgi?1964,,,,D,, )
      Bhí go leor daoine ag baint úsáid as Fógra na Nóiníní chun a dteachtaireachtaí féin a chur in iúl, fiú roimh an bhfógraíocht atá ag tarlú faoi láthair agus tá sé úsáidte ag an gcartúnaí polaitiúil Mark Fiore chun an cogadh leis an Iaráic a nascadh le riachtanas ola na Stát Aontaithe. (Cartún le feiceáil ag:
http://www.markfiore.com/animation/campad.html )
      Filleann leagan nua MoveOn.org chuig íomhá an chailín óig agus í ag tarraingt piotal ón nóinín. Léirítear radharcanna de ghníomhaíochtaí míleata sa Mhurascaill , agus í ag cuntas, ag réabadh ó thoibreacha ola ag dó, chuig saighdiúirí gortaithe, chuig saoránaigh ag dul ar mire agus sa deireadh chuig néal muisiriúin núicléiche. Léann glór: Cogadh leis an Iaráic. B'fhéidir go mbeadh sé thart go luath. B'fhéidir nach mbeadh. B'fhéidir go leathnódh sé amach. B'fhéidir go dtiocfadh antoiscigh i gcumhacht ar thíortha le hairm núicléiche. (An fógra iomlán le feiceáil ag:
http://www.moveon.org/pressroom.html )
      Bunaíodh MoveOn.org i San Francisco i 1998 chun tacaíocht a lorg in aghaidh mhileanú an Uachtaráin Chlinton. D'eagraigh an grúpa achainí in aghaidh an chogaidh ar líne chomh maith, agus chaitheadar níos mó ná $300,000 ar fhógraíocht nuachtáin frithchogaidh an mhí seo caite. (achainí le feiceáil ag:
http://www.moveon.org/winwithoutwar/ )
      Tá na hagóidí ag leanúint ar aghaidh sa bhaile, fiú agus riacharán Bush ag láidriú a seasamh míleata sa mhuirascaill, bhí na sluaite ag na hagóidí an deireadh seachtaine seo caite i Washington D.C. agus cathracha eile ar fud na Stáit Aontaithe ach fós féin ní raibh an méid sin ann agus a cheapfá. (féach na hagóidí ag: http://www.latimes.com/news/nationworld/world/la-fantiwar19jan19001523.story )
     
      Ainneoin phobalbhreith a léiríonn tacaíocht ghinearálta ach coinníollach an phobail don chogadh leis an Iaráic, tá meascán mearaí daoine meallta ag an ngluaiseacht frithchogaidh sna Stáit Aontaithe, ó Seanmháithreacha ar son Síochána, a dháileann billeoga agus a bhíonn i mbun agóide i St. Paul, Minnesota; agus Club Sierra, eagraíocht chomhshaoil; go dtí Comhairle Náisiúnta na nEaglaisí. D'íoc grúpa gnó Poblachtach as fógra iomlán leathanaigh le déanaí sa Nuachtán coiméadach Wall Street Journal ag tabhairt rabhadh don Uachtarán Bush "Tá an domhan ag éirí nach mbeidh armlón ag Saddam Hussein. Caithfidh tusa bealach níos fearr a aimsiú chun seo a chinntiú." (ó scéal ag:( http://story.news.yahoo.com/news?tmpl=story&u=/usatoday/20030117/ts_usatoday/4788919 )
      Ní hiad díreach na daoine ar an tsráid atá ag iarraidh ar na Stáit Aontaithe a bpleananna cogaidh a chur siar. Is iad an Fhrainc agus an Ghearmáin an dá náisiún Eorpach is mó atá ag rá fanacht, agus iad ag iarraidh go mbeadh níos mó ama ag na cigirí arm a gcuid oibre a chur i gcrích, agus tá an Rúis ag rá an rud céanna agus an tSín ag lorg réiteach dioplóimaitiúil don ghéarchéim. Chuir NATO siar cinneadh, an tseachtain seo, maidir le tacaíocht atá éilithe ag na Ståit Aontaithe de bharr easaontas na Gearmáine agus na Fraince go mórmhór. (scéal iomlán ag: : http://www.iht.com/articles/84323.html )
      Tá agóidithe frithchogaidh tar éis lá eile agóide a ghairm ar an 15 Feabhra. Ach seans go mbeidh atmaisféar na hagóide seo ag brath ar thuairisc ó Chomhairle Slándála NA ar 27 Eanáir agus cruinniú idir George W. Bush agus Príomhaire na Breataine Tony Blair. 

© www.craiceailte.com 2003

 

g

Gaeil in aghaidh an Chogaidh

Tuairisc ón mórshiúl in éadan an chogaidh ag Aerfort na Sionainne le Dónal Mac Fhearraigh

Tá Donal Mac Fhearraigh as Doire Chonaire, i dTír Chonaill, ina Eagraí ar an ghluaiseacht fríth-chogaidh i

nDún Laoghaire. Tá ina bhall den pháirtí Sóisialach.

Ba é an rún is fearr a bhí ag an rialtas seo ná ‘Arm-phort’ na Sionainne .Tá na mílte saighdiúir agus airm ag taistil tríd an aerfort, ag briseadh na ríallacha a bhaineann le neodracht na hÉireann.

D’eagraigh an Gluaiseacht In Éadan an Chogaidh mórshiúl ar an 18ú Eanáir chun aird a tharraingt air.

D’fhág muid Baile Átha Cliath ar 9.30 maidin Dé Sathairn. Bhí na céadta duine ag fanacht ar bhusanna. Sa deireadh bhí orainn tuilleadh busanna a eagrú sa dóigh is go mbeadh spás ann d’achan nduine. Bhí muid ag dréim le scaifte de suas le míle duine, ach nuair a shroich muid Baile na Sionainne chonaic muid go raibh suas le trí mhíle duine í láthair. Sa deireadh tháinig sé bus as BÁC, triúir as Corcaigh agus dhá cheann as Gaillimh. Bhí leictreachas san aer. Ní mion scaifte a bhí amuigh ar mhaithe le coinsias s’acu féin a ghlanadh a bhí anseo – bhí muid ag cuir in iúil mothúcháin agus inchinn mórálach na tíre. Tá an Rialtas sa mhionlach, ag iarraidh fanacht mór le Bush.

Thosaigh an mórshiúl lán de ceol agus dathanna. Bhí mise ag siúl ar chúl and bhuíonn ceoil samba, agus ní raibh mé abalta tús nó deireadh an mhórshiúil a fheiceáil. Arís agus arís bhí muid ag scairtigh "1,2,3,4, We don’t want your bloody war" agus "George Bush we know you, your daddy was a killer too" agus "No war on Iraq, No blood for oil, No US warplanes on our soil".

Ag an terminal chuala muid ó Theachtaí Dála agus lucht eagraithe an mórshiúil. Dhreap cuid den scaifte suas ar díon príomh fhoirgneamh an aerfoirt agus chroch siad brat le "US troops out of Shannon" air ón díon. Thug ‘Cigirí Airm’ iarracht an terminal a scrúdú, ach chuir na gardaí cosc orthu. Ansin rinne na Teachtaí Dála a bhí i láthair iarracht fáil isteach ann, ach chuir na Gardaí cosc orthusan fosta. Ag an am céanna thug duine inteacht faoi deara go raibh eitealan ón US Navy san aerfort agus suas le céad póilín á chosaint.

Níl an chuma ar an scéal go bhfuil moran cosanta ar fáil do neodracht na hÉireann anseo áfach.

Bhí an agóid tharr barr, agus thóg sé croíthe na ndaoine a bhí páirteach. Suas le 3000 duine. D'amharc muid orainn fhéin agus na agóidí ar fud an Domhain ar an teilifís an oíche sin. Ón Seapáin go dtí an Eoraip, go dtí na Stáit Aontaithe bhí an Domhan in éadan an chogadh. Í Washington bhí suas le 500,000 duine páirteach san agóid, agus ní seo fiú an príomh lá idirnáisiúnta atá eagraithe ag an ghluaiseacht chun cosc a chuir ar an chogadh. Ar an 15ú Feabhra beidh an Domhan uilig ag siúl ar son na síochána arís.

Is é seo an gluaiseacht síochána is mó dá raibh ann riamh. Bhí sé soiléir domsa an lá sin gur féidir linn stad a chur leis an chogadh seo, tríd cumhacht s'againne, na gnáth dhaoine. Déan cinnte go bhfuil tú i mBaile Átha Cliath nó Béal Feirste ar an 15ú Feabhra!

© www.craiceailte.com 2003

 

 

f

Gaolta Dhomhnach na Fola:
Fulaingt gan Faoiseamh


Agus Cuimhneachán Dhomhnach na Fola buailte linn arís an mhí seo, amharcann muid ar a bhfuil bainte amach ag Fiosrúchán Saville. Tá an t-iriseoir, Danny Brown, ag freastal ar fhiosruchán Dhomhnach na Fola ón uair gur thoisigh sé. Seo a bharúil pearsanta fána bhfuil tarlaithe go dtí seo. . . .

Agus mé i mo shuí sa bhaile i nDoire ag scríobh an ailt seo tráthnóna Dé Céadaoin 22 Eanáir 2003, tá Sir Edward Heath, a bhí ina phríomh-aire i rialtas na Breataine i 1972, ag tabhairt fianaise ag fiosrúchán Dhomhnach na Fola i Halla Westminster i Londain. Deich mbliana ó shin, cha dtiocfadh le duine ar bith samhailt go mbeadh siad ábalta a mhacasamhail a scríobh.
      Is léir, mar sin, go bhfuil céimeanna móra tábhachtacha chun tosaigh tógtha ag an fhiosrúchán ar lorg fhírinne imeachtaí Dhomhnach na Fola. D'éist muid le fianaise ó na h-oifigigh sinsearacha a bhí i gceannas ar Arm na Breataine ag an am agus, ar ball, cluinfidh muid ó na saighdiúirí a mharaigh ceathrar fear déag ar imeall cheantar Thaobh an Bhogaigh. Chuala muid caint ar chomhcheilg i ranna rialtais daoine neamhchiontacha a mharú ar shráideanna Dhoire le múineadh a chur ar náisiúnaithe agus le deireadh a chur le "Doire Saor".
Bíonn mionphoinntí conspóideacha i gcónaí ag an fhiosrúchán agus, ó am go h-am, bíonn muid uilig gaibhte ag na mionsonraí seo agus cailleann muid ár radharc ar an
scéal mhór agus, agamsa, is é cás na dteaghlach an scéal mór.
Le 31 bliain anuas, tá na teaghlaigh ag iarraidh cruthú gur dúnmharaíodh a gcuid fear ag saighdiúirí a bhí fostaithe ag rialtas na Breataine, a fuair a gcuid traenála ag rialtas na Breataine agus a ordaíodh isteach i gceantar Thaobh an Bhogaigh ag oifigigh an Airm a bhí i dteagmháil leis an leibhéal is airde de rialtas na Breataine.
      Nuair a fógraíodh go mbeadh fiosrúchán nua ann, chreid daoine go raibh deireadh le breithiúnas an Tiarna Widgery, a bhí i mbun an chéad fhiosrúcháin i 1972. Ach, chomh luath is a thosaigh fiosrúchán Saville, léiríodh dúinn nach mbeadh na fórsaí slándála a dtugtar "securocrats" orthu i mBéarla, chomh h-oscailte agus a ba chóir dóibh a bheith. Scriosadh na gunnaí a bhí in úsáid ag na paratrúipéirí ar Dhomhnach na Fola, níl teacht ar chuid mhaith de na grianghrafanna agus den scannánaíocht a rinneadh ar an lá agus bíonn na dlíodóirí atá ag gníomhú ar son na Ranna Cosanta ag an fhiosrúchán i gcónaí ag iarraidh séanadh gur tharla a dhath ar bith a bhí mídhleathach.
      Agus ní h-iad na "securocrats" amháin atá ag cur bac ar an fhiosrúchán. Chaill na teaghlaigh gach cás cúirte a d'éirigh as iompar an fhiosrúcháin. Sin an fáth go gcaithfidh siad taisteal  anonn go Londain gach seachtain. Sin an fáth nach mbeidh siad ábalta aghaidh na saighdiúirí a mharaigh a gcuid fear a fheiceáil nuair atá siad ag tabhairt fianaise sa tseastán. Tá an chuma air go bhfuil "an córas" ag druidim na ranganna le iad féin a chosaint.
      Tá roinnt daoine den bharúil go ndéarfaidh an fiosrúchán go raibh triúir ná ceathrar saighdiúir a chaill a smacht orthu féin agus a mharaigh daoine gan fáth. Beidh le feiceáil.
Tá rud amháin cinnte, áfach. Cosnóidh an fiosrúchán suas le £155 milliún agus beidh cuid de na dlíodóirí agus de na h-abhcóidí iontach saibhir dá thairbhe.
      Plus ça change, plus c'est la même chose.


© www.craiceailte.com 2003

 

 

g

Druma agus Dord Gaelach


Dúlamán na Binne Buí a chur tús leis.
      Bhí an cumadóir ceoil David Bickley ag éisteacht le leagan Chlannad den amhran sin i 1993, nuair a smaointigh sé go luífeadh an Ghaeilge agus Dance go compordach sa leaba céanna. Rinneadh samplaí a thaifeadadh, agus chuaigh David i gcomhar le ball páirt aimseartha den Orb, Tom Green i mBrixton. Thug Bickley, an tamhránaí Úna Ní Bhaoill agus roinnt ceoltóirí le chéile, agus cuireadh toradh á saothar amach ar chaiséad. Chuaigh siad ar an ardán ag Craic na Samhna i Ráth Cairn agus chuaigh an slua ar mire, gan cnaipí damhsa. Bhí draíocht ar leith ag baint le cur í láthair agus geatsaíochtaí stáitse Úna. Bhí An Ghaeilge fíorGhnéasach í mbéal s'aicise, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar na daoine a chonaic í an oíche sin agus  ar oícheanta eile ina dhiaidh.
      Ansin, d'eisigh lipéad ceoil traidisiúnta, Starc Records i mBaile Átha Cliath an chéad albam dá gcuid, SERPENTINE, ar a raibh ceoltóirí eile ón lipéad ag seinm, baill den ghrúpa DEISEAL agus an fidléir iomráiteach Máire Bhreathnach. Tháinig albam eile amach cúpla bliain ina dhiadh sin, MYSTURA, agus i 1997, bhuaigh siad Gradam Hot Press "No 1 Dance Act in Ireland". Tá a gcuid ceoil ar fail anois ar fud Mheiriceá, ar an lipéad Global Fusion, ón uair gur éisíodh bailiúchán dá gcuid hits Gaelach, "Ten Years Under The Earth". 
      Rinne siad achan iarracht lipéad eile a aimsiú in Éirinn chun a gcuid ceirníní a chur amach, ach theip orthu. Anois, tá albam úr Gaelactica éisithe acu ar lipéad dá gcuid féin, Stormtree. Bhí na sean cheirníní ag brath den chuid is mó ar leaganacha úra de shean amhráin, ach is amhráin úra cumtha ag  Una Ní Bhaoill atá ar 'Gaelactica'.
      Rinneadh Gaelactica a léiriú i nead Tom Green i mBrixton Shasana, le cuidiú ó cheoltóirí cosúil leis an chláirseoir Ursula Burns as Béal Feirste, an drumadóir Richard Sliwa as Manchain (Ball d'Inner Sense) agus seaimpín an bhodhráin Tony Quinn.
      Deir Bickley go mbeidh siad ag taisteal ar fud na tíre leis an
"Psychedelic-Punk-Ancient-Tribal-Ruckus" seó .
      Beidh Gaelactica ar fail sna siopaí ón 12ú Feabhra ar aghaidh.
      Focáilfidh an ceol seo le do chloigean, ach is fiú é. 


Éist le rianta ón albam nua anois ag:
www.hyper-borea.com

© www.craiceailte.com 2003